April 30, 2015

Seachtain na Gaeilge

Seachtain na Gaeilge

SAMSUNG

Cuireadh caife ar bun do dhaltaí na scoile i rith na seachtaine. Tháinig líon  mór dhaltaí chuig an gcaife, d’órdaigh siad a ndeochanna agus a mbia i  nGaeilge, d’fhan siad linn agus bhain siad sult as an atmáisfear  compórdach agus neamhfhoirmiúil. Buíochas ag dul chuig Idirbhliain a  haon as ucht a gcuid oibre go léir. Táimid an-bhuíoch freisin as an  urraíocht a fuaireamar ó The Crescent Stores don tionscnamh.

Bhí Idirbhliain a dó an-ghnóthach chomh maith mar d’eagraigh siad tráth  na gceist do na daltaí sóisearach. Thaitin na ceisteanna topaiciúla agus  suimiúla leo agus thaitin na duaiseanna leo freisin, ár ndóigh; rud difriúil  don tseachtain a bhí inti.

Rud nua, i mbliana; bhí tairbhe le baint as cuairt ó Louise Ní Fheargail ón Seó Bóthair, ceardlann de chuid Conradh na Gaeilge. D’fhreastail thart ar chéad dálta ar an gceardlann agus b’fhiú go mór é, dár leo féin.

 

Irish Week

SAMSUNG

Our café went really well. Students came in large numbers, ordered in  Irish and soaked up the relaxed atmosphere. Thanks to TY1 for all their  hard work.  We are very grateful to Crescent Stores for their kind  sponsorship  of the event.

TY2 were equally busy organising a quiz for junior students. Topical and interesting questions helped to make the project a great success and there  were prizes a plenty; something different for the week that was in it.

 

Meánscoil na mBráithre Cluain Meala Grúpa 1 Something new for this year; the students benefitted from a visit with Louise Ní Fheargail of Conradh na Gaeilge’s workshop, Seó Bóthair. Almost 100 students attended the 2 workshops in the school during Seachtain na Gaeilge.